Scéimeanna pirimide
Scéim phirimide um chur chun cinn a chur ar bun, a fheidhmiú nó a chur chun cinn i gcás ina dtugann an tomhaltóir comaoin ar mhaithe le deis cúitimh as tomhaltóirí eile a thabhairt isteach sa scéim thar aon ní eile, seachas as táirgí a dhíol nó ar úsáid a bhaint astu.
Déan a lán airgid ó chompord do thí féin i d'am féin!!!
Cuir buntáistí an líonra BambinoSports in iúl do chúigear cairde agus gheobhaidh tú an "Beddy-bye Stroller" seo saor in aisce! Dá mhéad cairde agat a chláraíonn leis an líonra BambinoSports a bhuíochas leatsa, is mó airgid a dhéanfaidh tú.
Téarmaí agus coinníollacha:
1. Ní mór €10.00 d'íocaíocht láithreach aon uaire a dhéanamh chun clárú leis an líonra BambinoSports.
2. Braitheann gach cúiteamh ar líon na mball nua a chláraíonn leis an líonra a bhuíochas leatsa.
Scéim phirimide atá anseo, cinnte, mar gheall gur gá €10.00 a íoc láithreach chun clárú agus, go háirithe, mar gheall go bhfaigheann baill comaoin nuair a chláraíonn baill nua a bhuíochas leo.