Baoite a úsáid chun an dallach dubh a chur ar an tomhaltóir
Táirge atá cosúil le táirge a dhéanann monaróir áirithe a chur chun cinn, ar bhealach a chuireann míchomhairle ar an tomhaltóir d'aon toisc sa chaoi go gcreideann sé/sí gurb é an monaróir céanna a rinne an táirge nuair nach é sin an cás.
Nua! An "Blacksmith XD2"
Baineann an déantóir espresso nua feabhsaithe seo úsáid as scagairí "Zennsio XD1" ach ní chosnaíonn sé ach leath an praghas atá ar na leaganacha Zennsio roimhe.
Cuireann an fógra seo míchomhairle ar an tomhaltóir mar gheall go gcuireann sé i dtuiscint gur ceapadh an "Blacksmith XD2" chun áit leaganacha "Zennsio XD" roimhe a ghabháil. Is é atá ann, áfach, ná táirge iomlán difriúil ó mhonaróir eile. Uaireanta, cuireann trádálaithe míchomhairle ar thomhaltóirí nuair a chuireann siad táirgí ar fáil a bhfuil "an chuma agus an mothú" ginearálta céanna le sonrú orthu is atá ar tháirgí de mhonaróir aitheanta iomaíoch.